An Músgraigheach
An Músgraigheach 4, Earrach, 1944
Nóra an tSleasa
Lch 16
Chím go n-áirmhigheann Seán Ua Cróinín Nóra an tSleasa Ní Chríodáin ar fhilíbh Bhaile Mhúirne. Mholfainn féin áit di i measg filí na gnáth-chainnte. Ní mór gur cheap sí aon amhrán ceart riamh. Ach marar dhein, is filíocht ar fad, geall leis, do stealladh sí uaithe nuair a bhíodh sí ag allagar lena comharsain agus lena daoine muinnteardha.
Ó Bhéal Átha 'n Ghaorthaidh dob eadh í-ós na Corraighthe. Do phós sí Amhlaoibh Óg ón Slios, agus is uaidh do glaodhtí Nóra an tSleasa dhi. Ní bhfuair sí aon lá dá sláinte ó phós sí Amhlaoibh, mar ba shuarach léi é. Neirbhis
a bhíodh ag imirt uirthi, do réir deallraimh. Uaireannta déarfadh duine éigin léi: Airiú, níl pioc ort.
Fios mo ghalair chút
adéarfadh sí láithreach, mar fhreagra.
Bhí cúigear clainne ag Nóra. Thug sí an fheirm dá hinghin chríona, do Neilí. Do phós Neilí duine de mhuinntir Sheitheacháin (Hyde) ó Chathair na Cátha. Níorbh fhada do réidhtigh Nóra agus Hyde le na chéile. Chuaidh sí féin agus Amhlaoibh i dtigín leo féin ar an bhfeirm. As san amach níor stad sí ach ag troid agus ag aighneas le Hyde, agus ag cur na dlighe air. Do ghaibh Hyde ar Amhlaoibh Óg lá. Do rith Amhlaoibh uaidh, agus do sheirbheáil sé ansan é go dtí an Chúirt. Bhí sé ag dearbhú ar Hyde gur bhuail Hyde é agus gur rith sé féin uaidh.
Conus a rithfá-sa?
arsan t-aturnae a bhí ag Hyde.
Do ritheas chomh maith agus bhí an rith agam,
arsa Amhlaoibh.
Bhí coinncin [sic] bata ar Hyde, agus seo mar do labhair Nóra air:-
Go deimhin, a Hyde, ní hiongnadh meidhir ort,
Ó fuarais greim ar an áit seo,
'S gurb é deir Ryan liom nách aon deagh-shaghas tu,
Ó briseadh do bhreill ins an Bhlárnain.
Bhí féar dhá bhó aice ar an dtalamh, agus dubhairt Hyde ná raibh aice ach féar aon bhó amháin-gurbh é sin a bhí sa deed. Do chimeád Nóra an dá bhó, agus do leogadh sí amach ceann acu san oidhche agus an ceann eile sa lá, agus ní bhíodh ach aon bhó amháin aice ar an dtalamh coitianta.
Bhí sé sa mhargadh, leis, go gcaithfeadh Hyde deich cribeanna móna a tharrac chúithe gach bliadhain. Ach do dhein Hyde crib ná raghadh ann ach dhá chiseán. Seo mar do cháin Nóra é:
Tá móin agus easair i mullach an Fhíoghra,
Céad moladh le hÍosa a chuir ann iad ag fás:
Amhlaoibh 'na n-easnamh agus a mhargadh sgríobhtha,
Agus is breallach a bhí sé ag Tadhg an Chúil Bháin.
Lch 17
Cléireach a bhí ag Ashe, an fear dlighe, dob' ea Tadhg.
B'sheo rud eile a bhí sa mhargadh, go gcaithfeadh Hyde bláthach a thabhairt di. Do chuaidh sí ad iarraidh na bláthaighe air lá, nuair a rugadh an chéad leanbh do-san. Bhí Hyde istigh ag nighe meidre. Ní bhfuair sí an bhláthach. D'iompuigh sí an doras amach, agus d'iompuigh sí isteach airís air, agus dubhairt:-
Go deimhin, a Hyde,
Ba mhór an raidhse ar mhnáibh tu.
Do nighfá soighigh agus árthaighe adhmaid,
A's is olc do roinnfá an bhláthach.
Do mhairbh Hyde na cearca uirthe lá, nuair a bhí sí ag Faoisdin.
Seo mar do chuir sí síos ar an ngaisce a bhí déanta aige:-
Bliain agus ráithe ó bhíos-sa ag an sagart,
Agus chuas ann an lá so ar láthair chun mo theagasg.
Ar filleadh dhom ar mh'árus, 's gan me láidir chun reatha,
'S é dubhairt an fear mánla gur básuigheadh mo chearca.
'S é Hyde an fear fóghanta, 's ní cóir domh-sa é mholadh,
Mar do dhein sé me scóladh nuair do leoin sé mo chearca.
Dá mbeinn-se 'na chomhgar ní leomhfainn do an branar,
Thabharfinn cic do sa tóin a dhéanfadh breoite é ar feadh tamaill.
Greadadh ort, a stócaigh, nár fhógair orm mo chearca,
Go gcuirinn ortha lópaí nó sórd éigin ceangail,
Sara mbeadh sé ag na comharsain go deo leat le casadh,
'S buachaillí na gcomhursan ag déanamh geoin díot is magaidh.
Do labhair sí le Neilí ansan:-
Nuair a bhís-se á phósadh chuireas róbaí ort go talamh,
Culaith bhreá nua agus bróga breá greannta,
Dá mb'áil liom-sa gan tu phósadh ach tu sheoladh thar caise,
Ní aireochadh na comhursain go deo aon trácht tharainn.
Ní leomhfadh Nóra d'éinne cailleadh é
a rádh, ach chuaidh sé abhaile.
Chuaidh sí féin abhaile nuair a bhí sí sé bliana agus trí fichid.
Do sgríobhas síos an méid sin go léir díreach mar do tháinig sé a béal na sean-daoine ar an Ínse Móir agus iad ag sgoruíocht. Ní mise do cheap aon fhocal ná aon rádh dá bhfuil ann.
Nóra Ní Scanaill.
- An Músgraigheach 4: Clár
- An Músgraigheach: Leathanach Fáiltithe