Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

An Músgraigheach

An Músgraigheach 3, Nodlaig, 1943

Neil Ní Mhurchadha: Ban-Fhile

Lch 9

Gheobhfar anso roinnt amhrán dár cheap Neil Ní Mhurchadha. Tá gach aon deallramh gur i mBaile Mhúirne do rugadh agus do tógadh an bhan-fhile seo. Is ann a thug sí furmhór a saoghail, i dtaobh is go raibh sí siúbhaltach go maith. Tuigfar ón bhfilíocht a chúm sí, agus go háirighthe ó Amhrán an Aoiligh, cadé an saghas saoghail a bhí ann le na linn.

Deirthear ná bíonn aon ádh ar fhile mná, agus ní fheadar an fíor é. Mar an gcéadna, tá sé ráidhte go gcaillthar féith na filíochta leis na mnáibh. Pé sgéal é, ba dheacair ban-fhile fhagháil aon uair, ach amháin go raibh na mná caointe ann. Ach níor bhacadar san puinn le filíocht don choitiantacht, ná le duine a mholadh an fhaid a bhí sé 'na bheathaidh.

Ní heolach dom go cruinn cathain a mhair Neil Ní Mhurchadha, ach measaim go raibh sí ann i n-aimsir Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire. Níl aon tuairisg ar a muinntir anois ar fuaid Bhaile Mhúirne. Ach pé háit 'n-a bhfuair sí féith na filíochta do rug sí lé san uaigh í. Má thá éinne ann adéarfadh gur deimhniú é sin go gcaillthar an fhilíocht i dteannta na mban, níl le rádh agam ach go gcaillthar i dteannta na bhfear í chomhmaith.

Ó Dhiarmuid Ó Duinnín, Múirneach atá chun comhnuig i Sráid an Mhuilinn, is eadh fuaras na hamhráin seo, tá roinnt bhlianta ó shin ann. Fear mór Gaeluinne agus seanchais is eadh Diarmuid. Amhránuidhe binn dob' eadh é i dtúis a shaoghail, ach tá se críonna anois.

Tá daoine i mBaile Mhúirne agus i gCúil Aodha go bhfuil líne anso 's ansúd ach d'Amhrán na gCearc agus d'Amhrán na nGabhar. Ach ní heolach dom go bhfuil Amhrán an Aoiligh ag éinne eile ach ag Diarmuid. Tá Amhrán na gCearc agus cuid d' Amhrán na nGabhar i gcló cheana ag Próinséas Ó Ceallaigh (Béaloideas, VII, 1), ach ní gá ach an dá innsint do chur i gcomparáid le n-a chéile chun a fheiscint gur cruinne de mhór-chuid cuimhne Dhiarmuda ar na hamhráin ná cuimhne an té ón a bhfuair Próinséas iad.

AMHRÁN AN AOILIGH

Ar Béal an Ghearrtha a bhí Neil chun comhnuig nuair a dhein sí an t-amhrán so. Fé mar is léir ón amhrán, bhí sí ag tarrac aoiligh le ciseán agus níor tháinig éinne dá muinntir chun cabhruighthe léi.

Céad glóire shíorruidhe leis an Athair aoibhinn atá go muar le rádh,
Is do Mháthair Íosa do réidheann gach ní dhúinn nuair is cruaidh é an cás,
Ó thá deire an aoiligh as an ndíg seo an t-aon uair amháin,
Do bhris ár gcroidhe ionainn i gcoinnibh rí-chnuic is cruadh-chasán

Lch 10

Is ní hé do mhill me ná do ghread me im intinn is me duairc thar barr,
Ach mo leanbh dílis od bhí lem thaoibh-se is í ag luadh gach lá [?]
Ní raibh raidhse an bhídh againn le na linn, is ba chruaidh mar chás,
Ach an leite bhuidhe is gan í fhagháil istoidhche ach dá uair sa lá.

Dá mbar bean aníos me ó Chonnacht íochtair nú ó Chonntae an Chláir,
Dá ndéanfainn gníomh is dá lasgfainn tíortha, ba thruagh me le rádh,
Nuair a iompuigh an síon orainn andeas go díreach is bhí an uain in ár,[?]
Is mise im mhnaoi bhoicht caithte chríona fé mhuar-chiseán.

Dá mairfinn míle do choingbheochainn cuimhne air dom dhlúth-charaid ghearr,
Ná táinig go dtí mé nú ar an gclaidhe amuigh, is mo thruagh thu a rádh.
Dá mbeiridís sínte gan aon bhrígh leo, gura fada uatha an cás,
Ní raghainn go dtí iad mura raghainn á gcaoineadh is iad fuar ar chlár.

AMHRÁN NA gCEARC

Ar Gort na Tiobratan a bhí Neil nuair a dhein sí an t-amhrán so.

Deallruigheann an sgéal gurbh é an fiach dubh a rug leis na cearca.

Greadadh agus cás ort a fhiolair an áir,
Milleadh gach lá agus léir ort!
Nár thugair-se t'ál amach insa Mhárta,
Is ná raibh ort mar bhláth iad d'aodhaireacht.
Do sgiobais-se mo chearca dob fhearr ar an mbaile
Do choinnigheadh go seascair me i n-éadach.
Bhí cead agam tarrac ar an mbiadh ab fhearr sa chathair,
Agus hucstaerí 'om mhealladh óna chéile.

Thug Siobhán Eoghain dom sobharn óir
Agus cuireadh chun óil dá dtéighinn léi,
Ceathramha chaoirfheola um Nodlaig mar nócht,
Agus gé chun í róstadh ar ghéar-bhior.
Thug Siobhan na Tuinne dhom císte breágh milis
Go raibh siúicre á fhuineadh agus tréacle;
Nuair a bhíodh té leis ar fiuchadh agu ím úr 'na phriontaibh,
Bhíodh dóithin an bhreiithimh de bhéile ann.

Do thug bean Thaidhg Uí Chuill ó Chorcaigh aníos
Seál do chuaidh trí agus réal dom,
Agus heancisiúr síoda i gcóir foithin mo chinn
Dá dtabharfainn na huibhe dhi féinig;

Lch 11

Píosa breágh leathair aníos as an saightheach,
Go gcuirfinn é ag sgreadaigh ar steak-pan
Nuair a airightí an baluithe ar bóthar tighe an tsagairt
Do chnósuigheadh na bacaigh go léir chugham.

Ná bídís á rádh gur le locht ar mo mháighistir
D'fhágas an áit seo i n-aon chor,
Ná ar an mnaoi mhaith gan cháim nár thuill uaim i cháineadh,
Is a healta díoghbháil níor dhéin dom;

Na comharsain dob fhearra do bhí ar an mbaile,
Muinntir na Leacan [Féach nóta 1, thíos] le chéile iad.
Chun go ngannuigheadh an bainne ní bhíodh orm easnamh,
Mar chuiridís a dteachtairí féin leis.

Nuair a ghealfaidh an lá orm fágfad an áit seo,
Tá an tigh seo ró-árd ar phléisg dom;
Níl foithhin ná fál an do dhéanfadh dom sgáth,

Ach fiacha dubha ag gág [Féach nóta 2, thíos] is ag éigheamh ann.
Déanfar me bhriseadh agus tógfar me 'em bonnaibh,
Is imtheochaidh mé singil gan éadach.
Is anois ó tá an Inid ann, pósfad, más mithid é,
Maireadh mo dhuine nú éagadh.

AMHRÁN NA nGABHAR

Hugh ab ainm don chliamhain do bhí ag Neil. Ar na hUláin do bhíodar chun comhnuigh nuair a fuair na gabhair fág an baile ó Hugh.

Mo chreach fhada chruaidh, arsa Neainí go duairc,
Nár fhanamair thuaidh, a mháthair,
Mar a bhfaighmís biolar is geamhar is fear tighe gan feall
Ná brisfeadh ár ndrom mar atháimíd.
Má chuamair i gcúinne de gháirdín gan dúnadh
Níor dheineamair ach siúbhal de dhomáiste ann.
An talamh go súghaidh an chuid eile dhe siúd,
Is nárr bhorraidh sé ar dhrúcht ná ar bhaistigh.

Do labhair an gabhar críona go cneasta leis an mínsigh:

Éist airiú, a bhuidhean, mo náire é!
Is gan aon luibh ag tigheacht tríd an dtalamh aníos
Dob fhearr lena mhnaoi ná an cabásite:
Cailín bog caoin gan chuise 'na slighe
Nár bhuail sinn i gclaidhe ná i mbeárnain.
Agus ní mhaithfidh mé choidhche d'fhear mhalluighthe an tighe,
Mar a [sic] maithfinn ar linn mo bháis do.

Lch 12

I dtosach na hoidhche 'seadh thosnuigh bruighean,
Ní raibh éinne 'na shuidhe ach é féinig
Agus ean aosta chríonna bhí ag rádh a paidrín,
Gur bheannuighthe a laoithe is a bréithre.
D'eirigh 'na suidhe chun cabhruighthe linn
Agus eagla croidhe uirthe féinig.
Sé dubhairt sé go fíochmhar: 'A bhean, fág an tslighe,
Is sa leabaidh bí thíos de leim uaim.'

M'easgaine dhlúth go dtuitidh ar Hugh
Do bhuail sinn gan chúis le tréine
Le tuille 'en tlúigh is den rámhainn fhada lúbaigh,
Gurbh arm í i dtiúin chun laochais.
Le ciceanna tiugha do ghortuigh me im úth
Is m'easnaidheach lúb ar a chéile,
Do phreab an bhean chúghainn, do chas sinn 'na clúid,
Is le hurraim di siúd do ghéill sé.

Nách mise bhí cúmhach go hatuirseach dubhach
Nuair a rugadh mo rún cé gur éisteas,
Agu mí dá ionú gur theastuigh de siúd,
Is ní raibh agam le tabhairt aon bhraon do.
Bhí bean chríona umhal a bhí ag iomchar an úird,
Gur dhein sí le clú agus le daonnacht
Chúig oidhche thabhairt gan tionnbhar ar a súil,
Is do choingibh sí le spiún an braon leis.

MUC AN CHÚIL RUAIDH

Bhí Neil ag obair ag feirmeoir i bParróiste Shráid an Mhuilinn nuair a dhein sí an t-amhrán so. Cuireadh 'na leith gurbh í a mhairbh an mhuc. Muca dubha ab eadh iad so, agus fuair ceann acu bás.

Nár dheinimíd námhada is ná raibh orainn gádhtar,
Má dheineamair aon bhárthan do mhuc an chúil ruaidh,
Má bhuaileamair le sámhthach de shluasaid na rámhainn' í,
Mura dtabharfaimís ár lámh léi do dhruidfeadh í uainn.
Mar is minic a chráidh sinn is an chuid eile dá háltaibh,
Ag gabháil de chosaibh i n-agha' an lá orainn i n-iomar gan truagh.
Bhí~an donas i ndán dom agus bualadh uim an ál so,
Is mo bhathas gur bhánuigh le seachtmhain anuas.

Lch 13

Dar an ngaibhl is dar an bpíce is dar a dtógaid siad d'aoileach,
Is dara Pádruig Stíobhard bhíonn ag spórt linn gach uair,
Dara bó bhán an Mhoilinn agus Muisire an Fhíoghara,
Níor dheineamair aon díth do mhuc an chúil ruaidh.
Dar Claedeach na gCícheanna agus dara Clárach tá taoibh leis,
Dar gcáthtar de shíon is de shneachta adtuaidh,
Dara Caisleán Chill m'Íde is Mount Leader i dtaobh thíos de,
Níor dheineamair aon díth do mhuc an chúil ruaidh.

Mh'atuirse scíosmhar mar a cailleadh mo mhuinntir
Do chuirfeadh i gcrích mé is ná beinn ar bhur bhfuaid,
Ag eirghe gach deire oidhche i nyard sink agus aoiligh,
Ag beirbhiú phrátaí do mhucaibh 's do bhuaibh.
Le solas na coinnle do chuirid im shuidhe me,
Cé gur ghairid a bhím-se ar an leabaidh chun suain.
Is go deimhin féin, a Bhríde, bheadh cion agam chroidhe ort
Dá raghfá-sa síos liom go Corcaigh na gCuan.

Mo shlán beo fé dhíogras chun Baile Mhúirne na dtigheasach.
Is iad ná cuirfeadh puinn suim i sórd mhuc an chúil ruaidh.
Ba ró-bheag mar shnaidhm leo í mharbhú gach geimhreadh,
Agus feoil ba dhá aoirde do chrochfaidís suas.
Mar do chonnac-sa mná tighe ann go raibh fairsinge an chroidhe acu,
Ná beidís ag díon an bhainne luim fhuair.
Is dá mbeadh an ráithe so dhíom-sa do rásfainn thar fíoghara,
Is ní fhágfinn iad choidhche go gcuirfí mé i n-uaigh.

Seán Ua Cróinín