An Músgraigheach
An Músgraigheach 2, Fóghmhar, 1943
LEITREACHA
Lch 22
GORT LUACHRA
Clanna Caoilte,
Cairbre
A Chara,
Tá sé de dhánaidheacht ionnam aghaidh caoraidheacha [sic] Cobhair do tharraingt orm féin. Chím Gort Luachra
aige agus gan de mhíniú aige ar ainm an bhaill ach an méid seo: Saghas seisce is eadh an luachair.
Do samhlófaí do dhuine ón méid sin gur ó raidhse na luachra a bhí ag fás ann do fuair an ball a ainm, ach tá tuairim eile agam-sa.
Ar an gcéad dul síos, is mór idir seisc a's luachair, agus ón mbeagán eolais atá agam-sa ar an nGort Luachra san níl ach fíor-bheagán den luachair ag fás ann, cé go bhfuil seisc a's biorach go habhainn ar a chomhgar. Cad a chaoch ár sinnsir, mar sin, agus gan Gort na Seisce nú Gort na Bioraighe do bhaisteadh ar an áit.
Cúpla míle laistiar de Chéim-an-Fhiaidh tá áit eile ar a dtugtar Gort Luachra
nú An Gort Luachra,
agus do múineadh dom a's me ag dul ar scoil gurb An Gort Luachrach
ainm na háite. An Máighistir, ar dheis De go raibh sé, an t-aon duine amháin go raibh an fhoghraidheacht san aige, agus dob iongnadh liom an cam a bheith ag sean-Ghaedhilgeoirí an bhaill, agus ceart agus cruinneas na teangan acu ins gach slighe eile. Cad 'n-a thaobh, a deirinn...
Lch 23
...liom féin, ná tugaidh siad Gort na Luachrach
nú An Gort Luachrach
féinidh ar an áit? Agus mar bharr ar an ndonas, tá sean-mhuing san áit agus gan d'ainm riamh acu uirthi ach Féith na Luachrach.
Trí bliana ó shin, agus dríodar béaloideasa an Chumair agam dá bhailiú, do tugadh dom an rann so a ceapadh mar fhreagra ar dhuine éigin a thug moladh árd ar an nGort Luachra.
Breasta a's ciach air, nú'r éinne eile beo
A thug Gort Luath-churtha riamh air
Ballín bocht suarach buartha briadtha,
A's gurb í an ghaoth adtuaidh a dhein an diabhal air.
Mar sin, agus dá bhríogh sin, an Gort Luath-churtha a baisteadh ar an áit sin laistiar den Chéim. D'fhéadfadh a bheith gur le corp searbhais a deineadh san mar go bhfuil cúl na háite le gréin a's a haghaidh le scéirdní hionann a's Gort Luachra úd Mhúsgraighe, admhuighim. Ach má tá ciall ná bríogh san analógacht, is é an ainm chéadna a bhaisteadh ar an nGort san Chobhair leis.
Go maithtear mo leadrán dom.
Is mise,
Conchubhar Ó Ruairc.
ÍNSE GEIMHLEACH
A Fhir Eagair,
Is iongnadh liom Cobhar a bheith ar lorg eolais i dtaobh Ínse Geimhleach
agus é mínighthe aie i gCarraig na nGeimhleach.
Airteach.
Tá fios a chúise féin ag Cobhar,
dálta gach púca. Seo mar a deir sé. Aidiacht ias eadh an Geimhleach atá i nÍnse Geimhleach, marab ionann agus an Geimhleach eile. Ach is ait an rud é ná bíonn an t-alt roimis, ná séimhiú air i n-aon tuiseal; m.sh., Aonach Ínse Geimhligh. Fágann san mo cheist gan réidhteach.
AN GHNÍOMH-INGNEACH
A Chara na n-ae istigh,
I dtaobh an ranna úd Amhlaoibh Uí Loingsigh: Ní foláir nú bhí aithne mhaith ar an nGníomhinginigh i Músgraighe fadó. Tá tagairt di ag Diarmuid Ua Laoghaire sa Bhruinneal Bhán
(L. 109), ach ní mhínigheann sé cé hí féin. Sidé atá aige: Is baoghlach liom gurb í an Ghníomh Ingineach agus a hál atá tar éis seilbh a thógaint ins na leapthacha.
Tá innsint eile le fagháil ar an rann sa pháipéar úd An...
Lch 24
...Gaedheal, Samhain 2, 1934. Bhí Eachtra an Phacaire agus na Caillighe
i gcló ansan ag Conchubhar Ó Muimhneacháin. Nuair ná fuair an Pacaire pioc ón gCailligh do dhírigh sé uirthe mar seo:
Is measa tú ná an ghríobh-ingneach a bhí i bhfuirm nathrach nimhe,
Is í cusba comraighe in Ifreannárd-chuirbtheach na n-ainmhidhthe
Do cuireadh ina diabhal a hIfreann, Cicero dá coínleacht,
Ag iomara, ag iolcha ag ursanaibh istoidhche.
D'admhaigh Conchubhar nár thuig sé féin na focail go léir. Ach an tseachtmhain a bhí chughainn do thug Seán Ó Cuill a innsint féin ar an rann:
Is measa thu ná an ghríobh-ingineach a bhí i bhfuirm nathrach nímhe againn,
Árd-choirbtheach na n-ainmhidhthe, b'í ba chuspa comraighe dhi.
Cuireadh í ina diabhal ash Ifreann a's Cicero dá coínleacht,
Ag iomaradh a's ag giollachadh chuig ursanaibh asd' oidhche.
Dar le Seán, iomrámh
ba chiall don iomaradh
agus giollacht
don ghiollachadh,
ach do chuir sé iongnadh air an sean-Rómhánach san, Cicero, bheith ag tionnlacan daoine ón saoghal eile.
Anois, dom thuairim-se, níl dabht ar domhan ná gur gríbh-ingneach
an focal bunaidh, bíodh gur gníomh-ingineach
adeirtear anois. Aon ní amháin is eadh gríobh
agus gríbh-ingneach,
ainimhthealach do creidtí fadó a bheith ann. Cabhail an leomhain a bhí uirthe, más fior [sic], agus ceann agus gob, sciatháin agus ingní an fhiolair. Ach ca bhfios dom go raibh aon dul amach ag Éireannaigh ar an ngríbh? Mar go bhfuil a tuairisg le fagháil san aistriúchán do dhein an Corcaigheach, Fínghín Ó Mathghamhna, sa bhliain 1475, ar Eachtra John de Maundeville.
Deir an Eachtra
go bhfuil i mBactria gríobha a bhéarfadh leo 'na gcrobhnaibh marcach agus each fé, nú cuinnir dhamh mar aon leis an gcuing; go mbíonn ingní fada géara ortha, agus gur mó ná adharc dhaimh gach ionga acu. Agus i dtaobh í bheith i n-Ifreann, tá fianaise an Chéitinnig againn leis gur iomdha ann ... gríobh ghreannach ghob-lom ghearánach
(T.B.B. 6623).
Da bhrí sin, is í an ghríbh-ingneach do cuireadh i n-a diabhal a hIfreann,
agus is olc í mo thuairim nú bhí an ceart ag Amhlaoibh nuair a thug sé Liosavar ar an té a bhí á caoinleacht. Is é Lucifer féin é sin, agus ní gádh an Rómhánach mór-chlú do tharrac isteach sa sgéal i n-aon chor. Ní fhéadfainn aon bhuille thabhairt fé bhrí an cheathrú líne, ach déarfainn ná fuil baint ar bith aige le hiomrámh ná le giollacht. Is deallruithighe le geámaí nú le geátsaí éigin na focail sin.
Buadh agus biseach leat, a chara Mhúsgraighigh.
Mise,
Domhnall Ó Niadh.
- An Músgraigheach 2: Clár
- An Músgraigheach: Leathanach Fáiltithe