Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

An Músgraigheach

An Músgraigheach 1, Meitheamh, 1943

Cáirde Mhúsgraighe

Lch 32

Uachtarán - Tadhg Ó Scanaill.
Cléireach - Mícheál Ó Ceilleachair.
Sparánaidhe - Síle Ní Éaluighthe.

Cumann chun Gaeluinne Mhúsgraighe do shaothrú agus do bhuanú is eadh na Cáirde. Níl Gaeluinn i nÉirinn is fearr ná Gaeluinn Mhúsgraighe. B'í teanga na bhfilí agus na n-úghdar próis í tráth, ach le tamall anuas níl sí á saothrú mar ba dhual. Tá sí chomh fuinneamhail agus chomh flúirseach agus chomh ceolmhar i mbéalaibh na sean-daoine agus do bhí riamh. Ach ní hí a gcaint áluinn-sin atá á sgrí' i leabhraibh, fiú amháin nuair is Músgraighigh na húghdair. Sé donas an sgéil ar fad go meabhruighid aosóga Mhúsgraighe caint lochtamhail na leabhar d'úsáid, i gcás ná fanann acu aon mheas ceart ná aon eolas cruinn ar a nGaeluinn féin.

Tá beartaithe ag na Cáirde glan-Ghaeluinn na seana-mhuinntire do chleachtadh go coitianta, congnamh a thabhairt dá chéile chun eolais bheacht a chur uirthi, agus daoine eile do spriocadh chun í fhoghluim agus a shaothrú. Is chiuge sin An Músgraigheach, bulletín ráitheamhail 'na mbeidh eolas agus cur-trí-chéile ar ghramadaigh, ar fhuaimeanna, ar litríocht agus ar sgríbhneóirí Mhúsgraighe.

Ní misde d'éinne bheith 'na dhuine des na Cáirde ach táille chúig sgilling do dhíol i n-aghaidh na bliana. Gheobhaidh sé an bulletín i n-aisge. Seoltar síntiúsaí chun An Sparánaidhe, Baile Mhúirne, Bóthar Ghort na Mara, Baile Átha Cliath.

Féadfar aistí, ceisteanna, freagraí 7rl i gcóir an bhulletín do chur chun an tighe chéadna, mar a mbeidh fáilte ag an Eagarthóir rómpa.