Seanachas Mhúsgraí Uí Fhloínn
Stair agus léann pobail
Eón Rua
Tógtha síos ó Mháire Ní Chéileachair, Gleann, Doirín Álainn, c.1980. Óna hathair féinig agus ó chainteóirí eile 'n bhaíll a fuair sise é, is í a' dul ar scoil.
- Bhí Eón Rua ag obair do fheirmeóir lá. Chuir an feirmeóir amach é a' scaipe síl lena láimh. Seo mar a duairt sé agus é a' scaipe:
A haon, gan séan ort mar iomaire ghuirt,
Is an tarna haon go léir nár thagair go tiubh,
An tríú haon, léan agus scaipe ar a shliocht,
Is an ceathrú haon, an chaor go leagaig a thig. - Bhí Eón Rua istig i dtig lá. Tháinig bacach isteach agus shuig sé síos os cóir na tine. I gciúnn tamaill duairt sé le hEón dul amach i gcóir ciseáin mhóna. Nuair a bhí sé a' teacht isteach duairt an bacach:
Tá an file mar asal a' tarrac na móna chúinn.
D'fhreagair Eón, agus duairt:Chun luirgne 'n bhacaig a bhreaca 'sea ceapag an mhóin ar dtúis.
- Bhí Eón ag siúinéireacht lá, agus ghoibh beirt shagart chuige. Duairt an sagart óg leis a' sagart p'róiste go gcuirfeadh sé speic ar Eón.
B'fhearra dhoit gan é bhac,
ars' an sagart p'róiste.Be' sé ró-mhaith dhoit ar ao' chuma.
ar seisean le hEón.Siúinéir ag obair go mall
Is poc aige thall 's abhus
arsa Eón. Bhí fiach-dubh istig sa pháirc is é ag screadaig.Sagart agus Laidean 'na cheann
Is a bholg go teann le puinsCad 'tá á rá ag a' bhfiach-dubh?
ars' an sagart óg le hEón. Duairt Eón:Nuair a thiocfaig an míol muar ar a' moing
Is an Fhrainnc ar Shliabh Mis,
Nuair a chaillfig na sagairt an tsainnt
Neósad doit cainnt an fhiach-duibh. - Bhí Eón Rua ar stáisiún lá. Shuig sé ar charn móna a bhí ag bun a' tí.
Canathaobh ná téann tú ar do ghlúinibh, a bhacaig?
arsa an sagart p'róiste leis. D'fhreagair Eón agus duairt sé:Ní hé an t-ainnise ba mheasa liom ná bheith thíos go deó,
Ach an tarcaisne do leanann í thar meón,
Má tá an tAthair-Mhac mar an Eaglais níl brí 'nár ngnó,
Is ní fearra dhúinn an tAifreann ná suí ar an móin. - Bhí Eón ar stáisiún eile lá, agus labhair an sagart p'róiste agus duairt sé
A' bhfuil Eón a' Mhéirín anso?
Níl,
arsa Eón á fhreagairt,ach Eón a' bhéil bhínn.
' Bhfuil na hathanta agat chó maith?
ars' an sagart.Tá,
arsa Eón:An chéad aithne dhíobh is fíor go n-oireann don chléir:
Sara suíd chun búird ar chíos na hEagailse glaeid,
Ar bhainise bíd ag ól fíona is leanna go craos,
Is ní bhíonn acu suím i ndaoine ainnise 'n tsaeil.
Ranna
Do Ghoibh mo Chat-sa
Do ghoibh mo chat-sa go tigh chat Gharsail
is do ghoibh cat Gharsail ar mo chat-sa.
Cár chóra dom chat-sa gabháil ar chat Gharsail
ná do chat Gharsail gabháil ar mo chat-sa?
Do Leag Cearc Uisce
Do leag cearc uisce pic uisce le cor coise cois coise na teórann.
An t-é a Thabharfadh Gal Dom
An t-é a thabharfadh gal dom, is gal aige, is gan aon ghal agam,
do thabharfainn gal do, is gal agam, is gan aon ghal aige,
ach an té ná tabharfadh gal dom, is gal aige, is gan aon ghal agam,
ní thabharfainn gal do, is gal agam, is gan aon ghal aige.
A Chailín Álainn
A chailín álainn bhláthmhar shocair,
tá lúb ar lár i sáil do stoca.
Téir-se láithreach 's din é ' stopadh
nú gheo' tú náire i lár a' phobail
D' Imigh mo Chúl
D'imigh mo chúl a bhí go deas.
D'imigh an blas a bhí i m' phóig.
D'imigh mo lua agus mo neart,
is dhineas mo mhún i m'bhróig.
Seana-bhean Chríonna
Seana-bhean chríonna de chlaínn Labhráis,
Tháini' sí a' rínnce go dtí 'n Guagán.
Thit sí de charraig is caitheadh le splaínnc í
Is dineadh di císte thíos ar a' múinteán.
Seanfhocail
Sláinte
- An luibh ná fachtar is í ' fhóireann.
- Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.
- I dtúis a' ghalair ná bí mall, níl brí sa luibh ná fachtar in am.
- Galar gan náire grá nú tart, ach bhuaigh a' tochas orthu.
Aimsir
- Ceo ar Mhuisire nú Clárach lom, an comhartha soininne is fearr ar domhan.
- Is mó cor a chuireann lá Márta dhe (Cor, nú claochlú, san aimsir atá anso).
Daoine
- Goile gan bolg ort! (Deirtear é seo le duine, is é ar tí ite).
- Seachain an dro'-dhuine is ní baol doit an duine macánta.
- Dá mba mhó ná an sliabh tu ní thagann ciall roim aois.
- Ní brúite go dtí dultha i n-aois, ní anaithe go dtí gaoith aneas, ní múinte go coigríoch, agus ní anacra go héitheach.
- Comhairle 'n dro-chomhairligh 'sí an chomhairle is fearr.
- Seachain teanga liom leat (Fimíneach is ea teanga liom leat).
- Óna cúig déag go dtína fiche bíonn na mná óga ar buile,
Is ó fiche go pósta bíonn an buachaill 'na óinsigh. - Bogra ar bhogra chun go mbraithir an duine,
Ansan fé mar a thomhaisfidh sé chút tomhais chuige,
Is má scoiltheann sé 'n ribe din é scolthadh 'na chuinibh.
Éagsúil
Na Trí hIúntaisí is Mó
Na trí hiúntaisí is mó don t-é a leogathar go Flaithis Dé:
- An chéad iúnadh: féachaint cad a dheinis ar an saol so inar leogadh duit dul isteach ina leithéid d' áit.
- An tarna iúnadh: níl radharc agat le fáil ar dhaoine go raibh aithne mhaith agat orthu ar an saol so gur shamhlaís gur cheart dóibh bheith ann.
- An triú ceann: mórán daoine agat le feiscint ann gur mheasais i t' aigne fhéin ná feicfeá a leithéidí ann go brách!
Mallacht an Chlutharacháin
- Do chuir an clutharachán eascaine nú mallacht ar aon fhear go mbeadh na trí nithe seo aige: tigh ar árd, bean bhreá nú capall bán.
A fhir a' chapaill ghlais
- Ceist: A fhir a' chapaill ghlais, cad ' leighseadh an triuch?
- Freagra: Baine cí' circe, agus é ' ól as adharc muice, agus cleite cait á shuathadh!
Canúinní
- A' caitheamh t'ruslóg
- A' gearradh súntais
- A' cuir an donais ar déanaí
- A' cuir moíll ar chúrsai chun tuilleadh ama d'fháil, chun rod éigint a chuir i gcrí, is é déanach chana
- Ba lag liom é
- Ní bheadh muarán meas agam air
- Sa mhodh choinníolach amháin a húsáidtear é seo; ná habartha 'is lag orm é', mar shampala
- Ba leasg liom...
- Bheadh drogall orm...
- Sa mhodh choinníolach amháin a húsáidtear é seo leis; ná habartha 'is leasc orm é'
- Clagar na gcos
- Báisteach athá chomh trom san, tá 'bratacha' nú 'sraitheanna' le fiscint inti
- Glas / a' dul i nglaiseacht
- Fuar / a' dul i bhfuaireacht
- (Go) neamh-chlé
- Go láidir, gan srian
- (Go) neambalabh
- Go soiléar
- Maidir le rod ráite a déarfaí seo
- Is ait liom / dob' ait liom
- Is aisteach liom / b'aisteach liom
- Is beag orm é
- Níl muarán meas agam ar é
- San aimsir láithreach amháin a húsáidtear é seo; ní déarfaí 'ba bheag orm é'
- Plúr
- Den chéad scoth
- Plúr na Gaelainne, plúr na bhfear 7rl...
- Sméar mullaigh
- An ceann is fearr
- Tine ' mhad'a ruaidh
- Tine nách lasann i gceart, is ná fuil uaithi ach deatach; (tine an mhadara ruaidh)
- Titim i bhfanntais
- Titim gan urlabhartha, gan aithne
- Maidir le duine a déarfaí é seo
- Titim i gclab a chéile
- Titim as seasamh
- D'fhéadfaí é seo a rá maidir le duine, ainmhí, foirgneamh nú aon rod
- Uair má seach
- uaireanta, ó am go ham
- > 'uair um a seach' (bheadh an bun-leagan so mí-nádúrtha sa chainnt, áfaigh)